Member's statement: Lá Idirnáisiúnta na nImirceach

Member's statement by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
13 January 2025
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Idirnáisiúnta na nImirceach
Assembly identifier
Official Report component 4737815

Read the official Assembly record

Text

Go díreach i ndiaidh don Tionól scaoileadh don Nollaig, bhí Lá Idirnáisiúnta na nImirceach ann. Má tá an lá féin thart, sílim gur fiú cúpla focal a rá leis, toisc a thábhachtaí atá ábhar an lae ar leith sin. Is iomaí cúis leis an imirce, amhail súil le sábháilteacht, síocháin nó saoirse, mar shampla. Is cinneadh tromchúiseach é dul idir dhá dtír, cinneadh a chuireann an t-imirceach ar thuras maslach go minic agus ar thuras marfach go rómhinic. Agus, más olc an turas a bhíonn le déanamh acu leis an tír seo a bhaint amach, ní taise don phróiseas a bhíonn rompu le cead isteach sa tír seo a fháil ina dhiaidh sin. Cuirtear próiseas fadálach, casta orthu sular féidir leo cur fúthu abhus. Tá imircigh ar na daoine is mó atá in áit a gcarta. Tá siad ar na grúpaí is mó a ndéantar leithcheal orthu sa tsochaí. Mar sin féin, d’ainneoin na ndeacrachtaí a bhíonn le sárú acu, d’ainneoin na gconstaicí a chuirtear ina mbealach, agus d’ainneoin na gcontúirtí ina n-oirchill, nuair a éiríonn le himircigh bun a chur orthu féin anseo inár measc, is amhlaidh is fearrde dúinn uilig é. Beireann imircigh leo eolas agus eagna dhomhanda chugainn. Nuair a chuireann siad an t-eolas sin chun a chaite mar oibrithe, mar mhic léinn, mar ghnó-eagraithe, mar ealaíontóirí agus mar bhaill teaghlaigh is é rud a chuireann siad an saol abhus chun feabhais. Sin é an rud atáimid a cheiliúradh inniu: an feabhas a chuireann imircigh ar an tsaol agus ar an tsochaí againn. Tugann siad aire dúinn, nó is thar lear a fuair breis agus 35% de na dochtúirí atá againn a gcuid oiliúna. Tugann siad poist dúinn, nó is imircigh atá ar cheann gnó amháin as gach seachtar atá againn abhus. Tugann siad tacaíocht don gheilleagar againn, nó cuireann imircigh thart ar £500 milliún le OTI na Sé Chontae gach bliain. Ó chúrsaí geilleagair go cúrsaí gnó, ó chúrsaí leighis go cúrsaí cultúir, bíonn lámh ar leith ag an imirceach ann agus is fearrde dúinn uilig é. Sílim gur fiú sin a cheiliúradh.

347 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not flagged

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.04 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • No identity-based framing was identified (0.89).
  • Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
  • The overall probability was at or below the not-flagging threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.08No
Sectarian or communal antagonism0.02No
Cultural grievance politics0.02No
Dog-whistle messaging0.02No
Controversy escalation0.03No
Legitimate policy scrutiny0.18No
Overall judgement0.04At or below not-flagging threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)0.89
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.11
Adopts it0.00
Subject area (top five)
SubjectProbability
Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers1.00
No identity-related subject0.00
Flags, emblems, symbols, names and memorials0.00
Parades, bonfires and commemorations0.00
Irish language, Ulster-Scots and language policy0.00

Assessed 21 October 2026 at 11:42 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification