Member's statement: Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas

Member's statement by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
3 December 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas
Assembly identifier
Official Report component 4690694

Text

Inniu táimid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas. Tugaimid aitheantas don mhaith a dhéanann daoine faoi mhíchumas do leas an phobail. Aithnímid fosta na deacrachtaí a bhíonn ann do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí, fostaíocht agus deiseanna eile atá neamhiontach ag daoine eile sa phobal. Bíodh gur tionscnaíodh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas thiar sa bhliain 1992 is amhlaidh a chuirtear go fóill constaicí go leor i mbealach daoine faoi mhíchumas. Bhí díospóireacht againn an tseachtain seo caite ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bheith ina chuid den dlí againn anseo. Is cinnte go mbeadh sin ina chuidiú le daoine faoi mhíchumas a chosaint, ach tá rud is suntasaí ná sin a thiocfadh linn a dhéanamh: cluas le héisteacht a thabhairt dóibh. Is ag na daoine faoi mhíchumas iad féin is fearr a fhios cad é atá le déanamh. "Faic fúinn, gan chead uainn," sin mana atá ag an ghluaiseacht dhomhanda ar son chearta na ndaoine faoi mhíchumas. Thiocfadh linn uile go léir rud éigin a fhoghlaim ón mhana chéanna. Caithfear barúlacha agus tuairimí daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i ngach aon dlí dá rithimid sa Teach seo. Ní bhfaighimis de chroí dlíthe a rith thar ceann cuid ar bith eile den phobal gan na dlíthe sin a cheadú leo ar dtús. Leoga, bíonn próiseas comhairliúcháin againn agus bíonn comhrá againn leis na daoine a rachaidh an dlí i bhfeidhm orthu. Cad chuige nach ndéanfaimis amhlaidh i gcás daoine faoi mhíchumas? Tá an ceart ar fad acu nuair a deir siad, "Faic fúinn gan chead uainn." Ba cheart do lucht déanta beartas cluas a chur orthu féin ach chan é sin amháin, ba cheart daoine faoi mhíchumas a bheith i measc lucht ceannais láithreach bonn.

298 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification