Member's statement: Cinedhíothú sa Phalaistín
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 9 December 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Cinedhíothú sa Phalaistín
- Assembly identifier
- Official Report component 4697894
Read the official Assembly record
Text
Inniu, tugann na Náisiúin Aontaithe chun ár gcuimhne an cinedhíothú agus na daoine uilig go léir a maraíodh dá dheasca. I mí Aibreán na bliana seo, bhí sé 30 bliain ó bhí an cinedhíothú ann i Ruanda. I mí Iúil na bliana seo chugainn, beidh sé 30 bliain ó bhí an cinedhíothú ann in Srebrenica. Agus inniu, beidh sé ocht mí ó d’fhógair Francesca Albanese, rapporteur speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe, go bhfuil cinedhíothú á imirt ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne. Go díreach an tseachtain seo caite, dúirt Amnesty International an rud céanna: go bhfuil cinedhíothú ar bun sa Phalaistín agus gurb é Iosrael atá ina bhun. Cá mhéad foras idirnáisiúnta, cá mhéad eagraíocht um chearta an duine agus cá mhéad cúirt a chaithfidh a rá gur cinedhíothú é sula gcreide lucht tacaíochta Iosrael é agus sula n-éirí siad as dul ar leithscéal Iosrael? In áit dearcadh orthu féin agus ar an choir atá Iosrael a dhéanamh sa Mheánoirthear, is é rud atá tacadóirí Iosrael ag ionsaí na Náisiún Aontaithe, ag ionsaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus ag ionsaí Francesca Albanese ag iarraidh a clú a bhriseadh. Más iontach le rá é, tá tíortha atá ina mballstáit de na Náisiúin Aontaithe agus a shínigh an Coinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe, tá sin páirteach sna hionsaithe sin. Ach, le linn do na Stáit Aontaithe agus don Ghearmáin a bheith ag tabhairt na cluaise bodhaire do na heagraíochtaí idirnáisiúnta cionn is nach binn leo a mbriathra, agus le linn daofa páirt a ghlacadh sa bholscaireacht in éadan na Náisiún Aontaithe nó na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, ní hamhlaidh do chuid mhór grúpaí Giúdach ar fud an domhain. Shínigh 30 grúpa Giúdach ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh agus ó Iosrael, shínigh sin ráiteas ar na mallaibh ina dtugtar tacaíocht do Francesca Albanese agus don dlí idirnáisiúnta. Inniu, táimid ag machnamh ar an chinedhíothú agus ar na daoine uile go léir a fuair bás dá dheasca. Tá fir, mná agus páistí ag fáil bháis dá dheasca anois láithreach. Ná bímis caoch ar an chinedhíothú sin toisc gur Arabaigh atá á marú.
351 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.20 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- The text criticises or condemns the framing or division (0.63).
- Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.47 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.11 | No |
| Cultural grievance politics | 0.03 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.13 | No |
| Controversy escalation | 0.14 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.25 | No |
| Overall judgement | 0.20 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing | 0.28 |
| Reports or questions it | 0.01 |
| Criticises or condemns it (chosen) | 0.63 |
| Adopts it | 0.08 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.44 |
| Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice) | 0.40 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.10 |
| Another identity-related subject | 0.06 |
| No identity-related subject | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 11:40 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.