Member's statement: Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhlúthpháirtíocht le Muintir na Palaistíne
Member's statement by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 26 November 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhlúthpháirtíocht le Muintir na Palaistíne
- Assembly identifier
- Official Report component 4677234
Read the official Assembly record
Text
An 29 Samhain, déanann na Náisiúin Aontaithe an Lá Idirnáisiúnta um Dhlúthpháirtíocht le Muintir na Palaistíne a chomóradh. I mbliana, beidh muid ag díriú ar na huafáis laethúla atá muintir na Palaistíne a fhulaingt: cinedhíothú, glanadh eitneach, forghabháil neamhdhleathach, cinedheighilt, agus léigear. Fuair os cionn 45,000 Palaistíneach bás le bliain anuas – is scannalach gur mná agus páistí 70% dóibh sin a fuair bás, de dheasca chinedhíothú sádach Iosrael. Tháinig Netanyahu agus a réimeas salach ar gach bunphrionsabal. Tá a gcuid gníomhartha go dubh in éadan chearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta. Nuair a smaoiníonn muid ar Iosrael, smaoiníonn muid ar na hainghníomhartha doshamhlaithe in aghaidh an chine dhaonna. Is náire shaolta é an bhuamáil gan idirdhealú atá fórsaí Iosrael a dhéanamh ar ospidéil, bailte, sráidbhailte agus campaí seiftithe a bhfuil teifigh ina gcónaí iontu ar fud na Palaistíne agus na Liobáine. Creideann siad gur féidir leo gníomhú gan aon bhaol pionóis. Caithfidh na Náisiúin Aontaithe agus an pobal idirnáisiúnta pionós a ghearradh ar Iosrael as a gcoireanna in aghaidh na daonnachta. Rinne Iosrael neamhshuim den dlí idirnáisiúnta; caithfidh cuntas a bhaint as dá dhroim sin. Labhair an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta go neamhbhalbh Déardaoin seo caite. Is céim thábhachtach é gur chinn an Chúirt barántais ghabhála a chur amach ar Netanyahu agus Yoav Gallant lena thaispeáint go gcuirfear an dlí go tréan ar an bheirt choirpeach cogaidh úd. Caithfidh na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Ghearmáin, an Fhrainc agus cumhachtaí eile an Iarthair freagracht a ghlacadh orthu féin as an rialú sin a chur i bhfeidhm. Ná téitear ar chúl scéithe sa scéal. Caithfear an dlí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go cothrom ar gach duine atá á shárú. Ag an am céanna, caithfear smachtbhannaí cuimsitheacha eacnamaíochta agus polaitíochta a chur ar Iosrael chomh maith le trádbhac arm. Ní fhanfaidh muintir na hÉireann ina dtost agus daoine eile faoi choilíneachas, faoi fhorghabháil agus faoi chinedheighilt. Seasfaimid go dlúth diongbháilte le muintir na Palaistíne agus iad tiomanta a saoirse a bhaint amach. Ar lá seo na Náisiún Aontaithe um dhlúthpháirtíocht le Muintir na Palaistíne, ní mór do gach duine —
— a bhfuil ciall agus coinsias aige a rá arís go gcaithfidh Iosrael sos cogaidh a fhógairt láithreach ar fud na Palaistíne.
372 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.