Member's statement: Movember
Member's statement by Mr Colm Gildernew on .
- MLA
- Mr Colm Gildernew
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 12 November 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Movember
- Assembly identifier
- Official Report component 4658241
Read the official Assembly record
Text
Tá seans go bhfeicfimid méadú ar líon na gcroiméal, na bhféasóg agus níos mó clúmh aghaidhe sa Tionól agus ar fud na sochaí an mhí seo, nó beidh cuid mhór daoine i mbun feachtais agus ag tiomsú airgid le haghaidh Movember. Gach Samhain, cuireann Movember dúshlán na bhfear croiméal a ligean orthu féin le haird a dhíriú ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le sláinte na bhfear: an mheabhairshláinte, an féinmharú, ailse próstataigh, agus ailse magairlí. Tá níos mó i gceist le Movember ná airgead a thiomsú; spreagann sé na fir a bheith dáiríre faoina sláinte, agus spreagann sé an tsochaí an tacaíocht atá de dhíth ar na fir a thabhairt. Tá na ceisteanna sin tábhachtach agus róthábhachtach anseo sa Tuaisceart. Tá a sáith dúshlán meabhairshláinte os coinne na bhfear anseo; chuirfeadh an ráta féinmharaithe scanrú ar dhuine, go háirithe an ráta i measc na bhfear óg. De réir NISRA, tá an ráta féinmharaithe i dTuaisceart na hÉireann ar cheann de na rátaí is measa sna hoileáin seo. Tugtar aghaidh ar an fhadhb sin i rith Movember trí chomhrá oscailte ar an mheabhairshláinte a spreagadh, rud a chuidíonn leis an leisce a dhíbirt, leisce a chuireann bac ar na fir a bheith ag iarraidh cuidiú a fháil. Agus ár sochaí ag cur Movember ar aghaidh, tá deis againn ár machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhféadann ár mbeartais cur le sláinte na bhfear ar fud an Tuaiscirt, ó bheith ag cur seirbhísí meabhairshláinte chun feabhais i gceantair thuaithe go rochtain is fearr ar scagthástálacha ailse a chur ar fáil. Cuirtear i gcuimhne dúinn i rith Movember nár chóir dúinn faillí a dhéanamh i sláinte na bhfear. Agus sinn ag iarraidh seirbhísí sláinte a fheabhsú, caithfimid tionscnaimh a fhorbairt le feasacht ar an mheabhairshláinte a ardú, leis an fhéinmharú a chosc, agus leis an leisce a bhaint de bheith ag caint ar fhadhbanna meabhairshláinte.
313 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.03 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.68).
- No identity-based framing was identified (1.00).
- Subject area: Gender, sexuality, abortion and related social issues.
- The overall probability was at or below the not-flagging threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.06 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.02 | No |
| Cultural grievance politics | 0.02 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.02 | No |
| Controversy escalation | 0.02 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.68 | Yes |
| Overall judgement | 0.03 | At or below not-flagging threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 1.00 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Gender, sexuality, abortion and related social issues | 0.47 |
| Sexism, misogyny, ageism and other equality groups | 0.37 |
| Disability (including neurodivergence and mental health), disabled people and disability or sickness benefits | 0.15 |
| No identity-related subject | 0.01 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 11:32 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.