Member's statement: Ceardchumainn
Member's statement by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 18 November 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Ceardchumainn
- Assembly identifier
- Official Report component 4655683
Read the official Assembly record
Text
Tá sochaí faoi chomhtháthú sóisialta agus ceardchumainn láidre fite fuaite lena chéile. Is é sin bunchloch sochaí ina ndéantar na ceardchumainn agus na hoibrithe a chosaint le reachtaíocht agus leis an chomheagrú. Caithfidh sé bheith mar chuspóir príomha polaitíochta ag an Tionól seo ceardchumainn láidre a bheith ann. Tá ceardchumainn riachtanach má táimid le geilleagar a chur ar bun a rachaidh ar biseach do ghnóthaí agus ar bláth do na hoibrithe agus dá muintir. Léirítear i dtaighde de chuid fheachtas Respect at Work agus Ollscoil na Banríona ar na mallaibh go bhfuil gníomh fostóirí in aghaidh na gceardchumann ag méadú ar fud na hÉireann. Maíonn oibrithe go ndéantar leatrom ar ghníomhaithe ceardchumainn agus go gcuireann fostóirí drogall ar oibrithe roimh dhul isteach i gceardchumainn. Tagann gníomh frith-cheardchumainn salach ar an rud atá d’fheidhm orainn mar shochaí agus muid ag leanúint den obair riachtanach le fadhbanna a réiteach. Tá ceardchumainn láidre de dhíth le dul i ngleic leis an phá íseal, dálaí oibre neamhbhuana agus an neamhionannas forleathan idir saibhir agus daibhir sa tsochaí againn. De réir mar a dhéanfar an Bille um chearta fostaíochta/poist mhaithe a chur ar aghaidh sa Tionól, beidh sé de dhualgas ar gach aon Chomhalta a dhícheall a dhéanamh ionas go dtiocfaidh sé de reacht amach go mbeidh ceardchumainn láidre agus cearta láidre cómhargála ann. Tá bealach nua, forásach sa reachtaíocht sin le go gcuirfear oibrithe agus a muintir chun feabhais; go mbeidh caighdeáin arda saothair ann; go mbeidh luach saothair is fearr ann; go mbeidh ionaid oibre atá slán sábháilte ann; agus go mbeidh cosaint ann ar gach aon saghas leithcheala san ionad oibre. Capall na nuálaíochta agus an fháis eacnamaíochta ceardchumainn a bhfuil cumas iontu agus oibrithe a bhfuil pá maith agus post buan acu.
291 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.