Member's statement: Seachtain na Sábháilteachta ar Bhóithre

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
18 November 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Seachtain na Sábháilteachta ar Bhóithre
Assembly identifier
Official Report component 4655654

Text

Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir Loinsigh agus le muintir Shearcaigh faoi chailliúint thubaisteach Eoín, a fuair bás maidin Dé Domhnaigh seo chuaigh thart de dheasca taisme bóthair. Ní raibh Eoín ach 29. Go ndéana Dia A mhaith ar a anam. Gortaíodh beagnach 8,000 duine ar bhóithre sna Sé Chontae anuraidh. Mar sin de, is cuí aird úsáideoirí bóthair a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé bheith ar an eolas faoi shábháilteacht ar bhóithre agus bheith díograiseach ag cinntiú go dtig le daoine bheith slán agus iad ag taisteal ar ár mbóithre. Is eol dúinn uilig príomhchúiseanna taismí bóthair: an ró-luas, bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí, bheith ag tiomáint go neamhaireach, úsáid guthanna póca, gan crios sábhála a chaitheamh, agus droch-chothabháil feithiclí. Gidh gur tábhachtach agus ábhartha iad na fachtóirí sin, ní mór a rá go gcuireann drochbhail ár mbonneagair go mór leis an fhadhb. Is bóthar artaireach é an A5 chuig an iarthuaisceart, bóthair a théann trí mo thoghcheantar féin. Is minic a dúradh nach bhfuil an A5 acmhainneach ar an trácht atá ag taisteal air, nó chaill barraíocht daoine a mbeatha agus iad ag taisteal ar an bhóthar sin. Is furasta an locht a chur ar na tiománaithe féin as cuid mhór de na taismí ar an bhóthar sin. Ach is léir go bhfuil contúirt sa bhóthar féin, nó tá an iomad bealach isteach agus amach ar an bhóthar chéanna. Is minic an A4 luaite agam, nó ba é an bóthar ba chontúirtí in Éirinn é. Nuair a rinneadh carrbhealach dúbailte de, tháinig titim shuntasach ar líon na dtaismí. Creidim gurb amhlaidh a bheas sé i gcás an A5 nuair a dhéanfar é a fhorbairt. Dá bhrí sin, is mian liom comhghairdeas a ghabháil leis an Aire John O’Dowd, nó d’fhógair sé le deireannas go bhfuil rún aige tús a chur ar an obair go luath sa bhliain 2025. Chuir athbhreithnithe breithiúnacha moill ar fhorbairt an A5 agus is olc liom a chluinstin gur cuireadh agóid eile dlí ina aghaidh an tseachtain seo caite. Tá siúl agam go dtiocfar ar réiteach gan mhoill. Cuirfidh forbairt an bhóthair seo go mór leis an tsábháilteacht ar bhóithre Thuaisceart na hÉireann. Tá mé ag dréim le titim láithreach i líon na dtaismí agus le tiománaithe a bheith slán agus iad ag taisteal ar an bhóthar seo.

393 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not qualifying

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.03 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • Assessed as legitimate policy scrutiny (0.86).
  • No identity-based framing was identified (1.00).
  • The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.02No
Sectarian or communal antagonism0.02No
Cultural grievance politics0.02No
Dog-whistle messaging0.02No
Controversy escalation0.03No
Legitimate policy scrutiny0.86Yes
Overall judgement0.03At or below not-qualifying threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)1.00
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.00
Adopts it0.00
Subject area (top five)
SubjectProbability
No identity-related subject0.72
Irish language, Ulster-Scots and language policy0.21
Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice)0.04
Sexism, misogyny, ageism and other equality groups0.02
Gender, sexuality, abortion and related social issues0.01

Assessed 21 October 2026 at 11:30 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification