Member's statement: Aonach Úll Chaisleán na Deirge

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
22 October 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Aonach Úll Chaisleán na Deirge
Assembly identifier
Official Report component 4607975

Text

Ba mhaith liom aire an Tí a tharraingt ar Lá Náisiúnta an Úill, a bhí ann inné. Is i mo bhaile dúchais féin, Caisleán na Deirge, a bheidh Aonach Úll ann an 25 Deireadh Fómhair. Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a bheidh á urrú. Ní ócáid aon uaire i gCaisleán na Deirge é Aonach Úll: tá sé á reáchtáil ar an bhaile le mo chuimhne, agus, leoga, ar feadh i bhfad níos faide ná sin. De ghnáth, bhíodh an tAonach Úll ann an Aoine dheireanach de mhí Dheireadh Fómhair. Bhí an t-am ann nuair ba é buaicphointe na bliana é, nó thagadh na sluaite chun an bhaile go bhfeiceadh siad na seastáin agus go gceannaíodh siad a raibh de dhíobháil orthu le haghaidh an gheimhridh. Thagadh na feirmeoirí úll agus torthaí eile agus glasraí ó Chondae Ard Mhacha, "úllghort na hÉireann", agus ó i bhfad níos faide i gcéin ná sin. Bhíodh na sráideanna plódaithe, nó bhíodh daoine ag ceannach úll, oráistí, piorraí agus daimsíní agus gach aon chineál eile toraidh as a ndéanadh siad subh agus anlainn agus pióga. Bheireadh na fir cuairt ar na seastáin crua-earraí le trealamh a cheannach le haghaidh an ama a bhí le teacht. Dhéanadh an iomad ealaíontóirí sráide: fir láidre, draíodóirí agus áilteoirí — dhéanadh sin siamsa do na páistí. Tháinig laghdú ar an líon daoine a bhíodh ag freastal ar an ócáid tuaithe seo sna 70í. Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil leis an chomhairle as acmhainní a chur ar fáil don Aonach Úll leis an nós tíre ársa seo a athbheochan agus le brí agus fuinneamh a chur arís ann. Beidh buaicphointe an Aonaigh Úll á cheiliúradh ag grúpa pobail Bhaile an Teampaill ar Bhóthar an Lorgain Bhuí an tráthnóna sin. Chuaigh an grúpa sin i ngleic le fadhb thinte cnámh na hoíche Samhna agus leis an iompar frithshóisialta a bhí bainteach leo. Chuaigh an grúpa i dteagmháil leis an phobal, agus cinneadh ar aonach siamsaíochta a chur ar cois ar láithreán an ghrúpa pobail. Mar chríoch ar an aonach beidh taispeántas tinte ealaíne iontach ann. Beidh an pobal uile go léir i láthair — clabhsúr cuí ar an Aonach Úll i gCaisleán na Deirge. Tá ardmholadh tuillte ag grúpa pobail Bhaile an Teampaill as a ndea-cheannaireacht. Bígí linn, a chairde. Beidh fearadh na fáilte agaibh i gCaisleán na Deirge ar an Aonach Úll.

395 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification