Member's statement: Gaza: Cinedhíothú

Member's statement by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
21 October 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Gaza: Cinedhíothú
Assembly identifier
Official Report component 4603442

Read the official Assembly record

Text

Tá cúrsaí in Gaza ag dul chun donais gach lá dá bhfuil ag teacht. Tá Iosrael ag cur bac ar chabhair dhaoiniúil agus ar lón bia ag gabháil isteach i dtuaisceart Gaza ar gach aon chor. Ní mise atá á mhaíomh sin, a Cheann Comhairle, ach ardoifigeach de chuid na Náisiún Aontaithe. Ach cá bhfuil mé ag caint? Nach bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina namhaid ag Iosrael anois? Sin an fáth arbh éigean d’Iosrael beagnach 230 ball foirne de chuid na Náisiún Aontaithe a mharú le bliain anuas. Sin an fáth arbh éigean dó túr faire leis na Náisiúin Aontaithe a scriosadh agus campa de chuid na Náisiúin Aontaithe a ionsaí le tanc ar na mallaibh. Níl a fhios agam cad é a rinne na hoibrithe eile cabhrach as cosán nuair ab éigean d’Iosrael iad a mharú, ná an 800 oibrí sláinte a mharaigh siad ach oiread. Cibé ar bith, tá an pobal idirnáisiúnta go fóill ag díol arm le hIosrael le caitheamh leis na naimhde úd. Tá 400,000 Palaistíneach i mbaol a maraithe i dtuaisceart Gaza. Mura dtuga Iosrael a mbás le buamáil, tabharfaidh siad a mbás leis an ocras. Ní mise atá á mhaíomh sin, ach an grúpa, Jews for Justice for Palestine. Is fiú spléachadh a thabhairt ar an tsuíomh gréasáin s’acu. Gheobhaidh tú eolas ansin ar Sha’ban al-Dalou, mac léinn Palaistíneach, 20 bliain d’aois, a loisceadh ina bheatha an tseachtain seo caite nuair a bhuamáil Iosrael otharlann al-Aqsa arís. Gheobhaidh tú eolas ansin ar "phlean an ghinearáil", plean lena gcuirfear na Palaistínigh uilig go léir amach as tuaisceart Gaza le gorta agus le cibé duine a fhanann ann ina dhiaidh sin a mharú. Tá an plean sin á chur i bhfeidhm cheana féin ag Iosrael. Ní scéal rúin é. D’fhógair Iosrael féin do na meáin chumarsáide go raibh siad le plean an ghinearáil a chur i gcrích. Má éiríonn le hIosrael na Palaistínigh a dhíbirt ó thuaisceart Gaza, tiocfaidh sé chun milleáin ní hamháin d’Iosrael, ach don phobal idirnáisiúnta ina iomláine. Ní mise atá á rá sin — ach an grúpa Iosraelach B’Tselem, eagraíocht Iosraelach atá ag obair in Iosrael ar son chearta an duine. Féadann lucht tacaíochta Iosrael an chluas bhodhar a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe, do Amnesty International, do Human Rights Watch agus do na céadta eile eagraíochtaí atá ag éileamh deireadh a chur leis an chinedhíothú ach nuair atá Iosraelaigh iad féin ag éileamh ar a Rialtas deireadh a chur leis an chinedhíothú, nach bhfuil an t-am dearg ag an phobal idirnáisiúnta —

— cluas a thabhairt le héisteacht?

427 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not flagged

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.18 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • No identity-based framing was identified (0.45).
  • Subject area: Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice).
  • The overall probability was at or below the not-flagging threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.30No
Sectarian or communal antagonism0.13No
Cultural grievance politics0.02No
Dog-whistle messaging0.14No
Controversy escalation0.10No
Legitimate policy scrutiny0.44No
Overall judgement0.18At or below not-flagging threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)0.45
Reports or questions it0.01
Criticises or condemns it0.30
Adopts it0.24
Subject area (top five)
SubjectProbability
Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice)0.46
Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers0.36
Another identity-related subject0.10
Sectarianism, hate crime and community relations0.07
No identity-related subject0.01

Assessed 21 October 2026 at 11:23 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification