Member's statement: Cur Amú Bia
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 1 October 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Cur Amú Bia
- Assembly identifier
- Official Report component 4562204
Read the official Assembly record
Text
Lá Idirnáisiúnta Feasachta ar Chur Amú agus ar Chailliúint an Bhia a bhí ann Dé Domhnaigh. Nuair a chuirtear bia amú nó nuair a chailltear é, is amhlaidh a chailltear na hacmhainní uile go léir a úsáideadh leis an bhia sin a tháirgeadh sa chéad dul síos. Cur amú uisce, talaimh, fuinnimh agus saothair atá ann fosta. Is olc a théann cailleadh agus cur amú an bhia ar an chomhshaol, ar shlándáil bia agus ar infhaighteacht bia, agus is siocair iad leis an bhia a bheith ag éirí níos daoire. Tá líon na ndaoine atá faoi ocras ar fud an domhain ag ardú ó bhí an bhliain 2014 an, agus i rith an ama, cailltear agus cuirtear amú na céadta tonaí bia gach lá. Cailltear thart ar 13·2% de bhia an domhain idir a bhaint agus a dhíol gach bliain. Déanann teaghlaigh agus miondíoltóirí 19% den bhia a tháirgtear ar domhan a chur amú gach bliain. Níl sin inbhuanaithe, agus, nuair nach bhfuil, níl teacht aniar i gcóras an bhia s’againn. Beidh bearta le déanamh ar bhonn áitiúil agus domhanda le húsáid is fearr a bhaint as an bhia lena shábháil ar a chur amú. Dar le Friends of the Earth gur féidir cur amú bia a laghdú ach: díriú ar shlabhra an tsoláthair agus an chailliúint bia a laghdú ag an phointe sin; eolas a thabhairt do chustaiméirí faoin dóigh le cur amú bia a sheachaint; agus trí bheith ag obair le carthanais sa chruth go ndéanfar farasbarr bia a roinnt ar na daoine atá ar an ghannchuid. Thig linn uile go léir ár bpáirt a dhéanamh leis an chur amú a laghdú trí bhéilí na seachtaine a phleanáil, trí bhia a reo de réir mar is gá agus trí bheith eolach ar an difear idir dáta ar fearr roimhe agus dáta dulta ó mhaith. Má dhéanaimid sin, ní hé amháin go mbeimid ag sábháil bia, is amhlaidh a bheimid ag sábháil airgid fosta.
325 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.02 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- No identity-based framing was identified (1.00).
- The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.02 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.01 | No |
| Cultural grievance politics | 0.01 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.02 | No |
| Controversy escalation | 0.02 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.39 | No |
| Overall judgement | 0.02 | At or below not-qualifying threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 1.00 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.00 |
| Adopts it | 0.00 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| No identity-related subject | 0.84 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.15 |
| Gender, sexuality, abortion and related social issues | 0.01 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 11:15 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.