Member's statement: An Lá Idirnáisiúnta um Pá Comhionann
Member's statement by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 24 September 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- An Lá Idirnáisiúnta um Pá Comhionann
- Assembly identifier
- Official Report component 4644759
Read the official Assembly record
Text
Bhí an Lá Idirnáisiúnta um Pá Comhionann ann Dé Céadaoin seo caite. Is fada muid ag streachailt le pá comhionann as obair chomhionann a bhaint amach. Mar sin féin is lú an luach saothair a fhaigheann na mná ná na fir go fóill i ngach aon réigiún den domhan. Meastar gur 20% an bhearna phá idir na hinscní ar bhonn domhanda. D’fhógair an Roinn Eacnamaíochta anuraidh go bhfaigheann na mná anseo 7·8% níos lú mar luach saothair ná mar a fhaigheann na fir, beag beann ar an phatrún oibre atá i gceist. Mar sin de, má fhaigheann fear anseo aon phunt amháin as obair a dhéanamh, ní fhaigheann bean anseo ach corradh beag le 92 phingin as an obair chéanna a dhéanamh. Níl sé dlite ar chomhlachtaí anseo tuairisc a thabhairt ar an bhearna phá idir na hinscní murab ionann is comhlachtaí sna Sé Chontae is Fiche nó comhlachtaí i Sasain. Mar sin de, má chuireann bean isteach ar phost i Luimneach nó i Learpholl, beidh a fhios aici cad é an bhearna sa luach saothair in aghaidh na huaire a fhaigheann na fir agus na mná sa chomhlacht sin agus an bhearna sna bónais a fhaigheann siad fosta. Má chuireann an bhean chéanna isteach ar an phost chéanna i Latharna, áfach, beidh sí dall ar na difríochtaí sin. Tá Comhaltaí ar gach taobh den Teach ar aon tuairim faoi phá comhionann a thabhairt as obair chomhionann. Ach má tá féin is fadálach an dul chun cinn atá á dhéanamh leis an bhearna phá a chúngú. Ní líonfar an bhearna sa phá anseo go raibh straitéis againn ar phá chomhionann idir na hinscní agus plean againn leis an straitéis sin a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, ní mór rialacháin a thabhairt isteach ar thuairisciú na bearna pá idir na hinscní ionas go n-éireoidh na comhlachtaí féin ina gcuid de réiteach na faidhbe mar is amhlaidh dóibh é sa chuid eile den oileán seo agus, leoga, sa chuid eile den Eoraip.
332 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.