Member's statement: Cúram Éigeandála: Géarchéim

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
23 September 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Cúram Éigeandála: Géarchéim
Assembly identifier
Official Report component 4543617

Text

Éirím inniu a labhairt ar an ghéarchéim leanúnach sa chóras cúraim práinne agus éigeandála. Táthar ag cur crua ar an fhoireann, agus tá sábháilteacht na n-othar agus na foirne á cur i mbaol in Otharlann Alt Mhic Dhuibhleacháin gach lá dá dtagann. Bhí duine ó mo thoghcheantar féin i dteagmháil liom ar na mallaibh faoina mháthair, bean atá i gceann a ceithre scór bliain d'aois. Chaith sí 38 uair an chloig ar chathaoir san aonad éigeandála ag fanacht le dochtúir a fheiceáil. Chuaigh an bhean seo faoi scian ar na mallaibh, agus bhí sí i bpian de dheasca aicíd a chuaigh i bhfeadánacht inti. Ar an drochuair di, i ndiaidh í a bheith ag fanacht le 38 uair an chloig, bheartaigh a clann gurbh fhearr í a thabhairt chun an bhaile, nó ba léir go raibh scíste de dhíth uirthi agus ba léir nach raibh sí ag dul a fheiceáil dochtúra. Bhí an scéal céanna agam ó dhuine eile an tseachtain seo caite. Scéal coitianta atá anois ann sna hotharlanna againn. Níor chóir gur gnáthrud é fuireachas fada a bheith ar dhaoine atá anonn in aois agus atá ag fulaingt, agus níor chóir glacadh leis sin in am ar bith. Tá foireann dhíograiseach, dhícheallach, fhriothálach sa chóras sláinte agus cúraim shóisialta againn, ach, ar an drochuair, tá siad á gcur taobh thall dá gcumas ag na héilimh atá ar an tseirbhís. Tá gá le hinfheistíocht sa chóras sláinte. Tá na seirbhísí poiblí againn ar an dé deiridh. Níl ach dóigh amháin a ndéanfar cistiú ceart i seirbhís na sláinte, mar atá, Rialtas na Breataine maoiniú a thabhairt faoi dheireadh thiar thall do bhuiséad an Choiste Feidhmiúcháin ar bhonn leibhéal an riachtanais. Iarraim ar an Aire Sláinte a bheith ag obair i gcomhar lena chomhghleacaithe ar an Choiste Feidhmiúcháin lena chur ina luí ar Rialtas na Breataine go bhfuil cistiú ceart de dhíth.

312 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification