Member's statement: Lá Idirnáisiúnta chun an tOideachas a Chosaint ar an Ionsaí
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 9 September 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Idirnáisiúnta chun an tOideachas a Chosaint ar an Ionsaí
- Assembly identifier
- Official Report component 4511114
Read the official Assembly record
Text
Inniu an Lá Idirnáisiúnta chun an tOideachas a Chosaint ar an Ionsaí. Is ceart bunúsach é an t-oideachas, ceart nach raibh i dtólamh ar fáil sa tír seo, ach anois, ceart atá neamhiontach againn anseo in Éirinn. Ní hamhlaidh i go leor tíortha eile, áfach. I dtrátha an ama seo anuraidh, bhí breis agus 625,000 mac léinn ar scoil in Gaza agus breis agus 20,000 múinteoir ag obair ann. Dar leis na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil foghlaim ar bith ar bun in Gaza inniu. Cá bhfuil mar a bheadh foghlaim ar bun ann nuair atá corradh agus 80% de na scoileanna in Gaza scriosta ag fórsaí Iosrael? Gan fiú scoileanna de chuid na Náisiún Aontaithe nach bhfuil dul acu ón ionsaí Iosraelach. Seo scoileanna, a Cheann Comhairle, a chuir na Náisiúin Aontaithe ar bun le haghaidh teifigh Phalaistíneacha. Tá breis agus 50% de na scoileanna sin scriosta ag fórsaí Iosrael anois fosta. Tá ionsaí Iosrael ar an chóras oideachais chomh forleathan sin go bhfuil focal ag na Náisiúin Aontaithe air: an léanndíothú. Faoi mhí Aibreáin i mbliana, bhí beagnach 6,000 scoláire marbh, beagnach 300 múinteoir marbh agus beagnach 100 léachtóir ollscoile marbh as siocair ionsaithe Iosrael. Agus is cinnte go ndeachaigh an scéal chun donais ó shin. Tá beagnach 6,000 páiste ar naíscoil anseo sna Sé Chontae. Tá thart ar 1,500 ionad oideachais againn. Dá ndéanfaí an scrios agus an sléacht céanna sna Sé Chontae agus atá déanta ag Iosrael in Gaza b’ionann é agus gach páiste naíscoile anseo bás a fháil in ionsaithe míleata. B’ionann é agus gach naíscoil, gach bunscoil, gach meánscoil agus gach scoil ghramadaí anseo a bheith scriosta glan. Nuair a scriostar scoileanna, scriostar saol agus seans na chéad ghlúine eile. Inniu an Lá Idirnáisiúnta chun an tOideachas a Chosaint ar an Ionsaí. Iarraim ar an phobal idirnáisiúnta brú a chur ar Iosrael éirí as an chinedhíothú agus éirí as an léanndíothú in Gaza.
318 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.16 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- No identity-based framing was identified (0.57).
- Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
- The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.23 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.04 | No |
| Cultural grievance politics | 0.04 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.05 | No |
| Controversy escalation | 0.07 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.34 | No |
| Overall judgement | 0.16 | At or below not-qualifying threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.57 |
| Reports or questions it | 0.00 |
| Criticises or condemns it | 0.41 |
| Adopts it | 0.02 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.37 |
| Education structures, integration and community division | 0.29 |
| No identity-related subject | 0.19 |
| Another identity-related subject | 0.11 |
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 0.01 |
Assessed 21 October 2026 at 10:57 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.