Debate contribution: The draft Working Time (Amendment) Regulations (Northern Ireland) 2024
Debate contribution by Mr Declan Kearney on .
- MLA
- Mr Declan Kearney
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 25 June 2024
- Type
- Debate contribution
- Business
- Executive Committee Business
- Heading
- The draft Working Time (Amendment) Regulations (Northern Ireland) 2024
- Assembly identifier
- Official Report component 4498332
Read the official Assembly record
Text
Tacaím leis na rialacháin seo le cearta oibrithe a chosaint agus le buíochas a thabhairt don Aire Eacnamaíochta, Conor Murphy, as an obair thábhachtach sin a chur chun cinn. Cosnaíonn na rialacháin oibrithe ar fud an Tuaiscirt ar an éiginnteacht fostaíochta a chruthaigh Breatimeacht. Cosnaíonn siad cearta na n-oibrithe chun saoire bliantúla le pá; an ceart saoire bhliantúil, saoire mháithreachais agus saoire aithreachais a thabhairt ar aghaidh; saoire uchtaithe; agus cúiteamh bainteach le teidlíocht ar bith ar shaoire bhliantúil. Is iomaí buntáiste don fhostaitheoir agus don fhostaí a thig ó bheith ag cosaint chearta na n-oibrithe chun saoire le pá. Ó thaobh an fhostaitheora de, cuidíonn sé le saineolas agus le scileanna a choinneáil, agus ardaíonn sé táirgiúlacht sa lucht saothair. Cuireann táirgiúlacht ard le brí agus le fuinneamh na heacnamaíochta. Tá an cuspóir sin i gcroílár an chláir oibre atá ag Conor Murphy don fhás eacnamaíochta agus don rathúnas ar fud an Tuaiscirt agus i gcomhthéacs eacnamaíochta uile-oileáin. Tá tábhacht ar leith leis na cosaintí seo do fhostaithe agus dá dteaghlaigh, nó cuireann siad ar chumas fostaithe aghaidh a thabhairt ar chúrsaí tábhachtacha teaghlaigh ar a éascaíocht. Lena chois sin, cuidíonn na cosaintí le fostaithe sásamh a bhaint as a gcuid oibre, agus cuireann siad le dea-bhraistint na bhfostaithe. Má bhíonn oibrithe sona sásta, beidh siad táirgiúil, agus is treise agus is cothroime don eacnamaíocht nuair a dhéantar cearta na n-oibrithe a chosaint mar is ceart. Leag an tAire Eacnamaíochta amach an mhian atá aige Poist Mhaithe a chruthú agus eacnamaíocht a fhorbairt sa Tuaisceart a bhainfeas tairbhe as an acmhainn atá i gcreat Windsor. Má tá clár le bheith ann le Poist Mhaithe a chruthú, ní mór lán-chosaint chearta na n-oibrithe, pá mhaith, cinnteacht phoist agus cearta cinnte ar chomh-mhargáil bheith ina gcuid lárnach de. Tá na cosaintí sin riachtanach má táimid le teaghlaigh rathúla fholláine a chothú in eacnamaíocht bheo bhríomhar. Molaim an tAire as an chúram atá sé a dhéanamh de na tosaíochtaí sin.
328 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.