Member's statement: Lá Domhanda na nAigéan

Member's statement by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
11 June 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Lá Domhanda na nAigéan
Assembly identifier
Official Report component 4495464

Text

Rinneadh Lá Domhanda na nAigéan a cheiliúradh Dé Sathairn. Bíonn an lá sin ann gach bliain lena chur i gcuimhne do gach duine an tábhacht a bhaineann leis na haigéin. Is iad na haigéin scamháin an domhain. Tig breis agus 50% den ocsaigin atá againn ó na haigéin. Is iontu fosta atá bunús na bithéagsúlachta ar domhan. Ach tá na haigéin ag dul i ndrochdhóigh: tá 90% de stoic na n-iasc mór ídithe; tá 50% de sceir coiréil scriosta; agus, achan lá, baintear níos mó as an fharraige ná a thig léi a sholáthar. Níl sin inbhuanaithe. Ach, mar a dúirt eagraithe Lá Domhanda na nAigéan, tá an saol mór bodhar ag éisteacht le figiúirí. Ní leor figiúirí le daoine a ghríosú, agus, mar sin de, ní raibh sna hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo leis na haigéin a chosaint ach cneasú thar goimh. Má tá athrú le teacht ar an scéal, ní mór dúinn múscailt, agus sin an téama a bhí ag Lá Domhanda na nAigéan i mbliana: múscailte go grinneall. Tá na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh gluaiseacht saoránach a mhúscailt ar son na n-aigéan. Tá siad ag iarraidh sin a dhéanamh trí lucht déanta beartas, ceannairí dúchais, eolaithe, an earnáil phríobháideach, agus gníomhairí óige a thabhairt le chéile. Caithfimid uilig go léir ár mana faoi na haigéin a athrú. Caithfimid teacht ar dhóigheanna leis na haigéin a chosaint agus bainisteoireacht inbhuanaithe a dhéanamh orthu. Ar an oileán seo againne, tá an tAigéan Atlantach ar an chósta thiar, an Mhuir Cheilteach ar an chósta theas, Muir Éireann ar an chósta thoir, agus Sruth na Maoile ar an chósta thuaidh. Mar sin de, a Cheann Comhairle, tá súil agam go mbeidh muidne anseo in Éirinn in ann ár bpáirt a dhéanamh sa ghluaiseacht ar son na n-aigéan.

297 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not qualifying

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.03 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • No identity-based framing was identified (1.00).
  • The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.02No
Sectarian or communal antagonism0.01No
Cultural grievance politics0.02No
Dog-whistle messaging0.02No
Controversy escalation0.03No
Legitimate policy scrutiny0.18No
Overall judgement0.03At or below not-qualifying threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)1.00
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.00
Adopts it0.00
Subject area (top five)
SubjectProbability
No identity-related subject0.75
Irish language, Ulster-Scots and language policy0.24
Another identity-related subject0.01
Flags, emblems, symbols, names and memorials0.00
Parades, bonfires and commemorations0.00

Assessed 21 October 2026 at 10:38 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification