Member's statement: Gaelscoil Uí Dhochartaigh, Strabane

Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .

MLA
Mr Maolíosa McHugh
Party at the time
Sinn Féin
Date
28 May 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Gaelscoil Uí Dhochartaigh, Strabane
Assembly identifier
Official Report component 4492029

Read the official Assembly record

Text

I mí Mheán Fómhair 2024, osclófar Gaelscoil Uí Dhochartaigh, scoil nua shaincheaptha ar an tSrath Bhán. Beidh breis agus 170 dalta ag freastal uirthi. Éacht atá ann. Cuireadh naíscoil ar bun sa cheantar sa bhliain 1994. As an naíscoil sin a tháinig an chéad bhunscoil in 1997 agus ní raibh ar an bhunscoil chéanna ach múinteoir amháin, ceathrar daltaí agus ní bhfuair sí cistiú ar bith. Rinne pobal tiomanta, díograiseach na Gaeilge ar an tSrath Bhán, rinne sin an Ghaelscolaíocht a chothú agus a chistiú. Is de thairbhe a n-iarrachtaí a thug Martin McGuinness, nach maireann, a bhí ina Aire Oideachais san am, thug sé aitheantas oifigiúil do Ghaelscoil Uí Dhochartaigh sa bhliain 2000. De réir mar a bhí an ráchairt ar an Ghaelscolaíocht ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus de réir mar a chonacthas nár leor ar chor ar bith an chóiríocht a bhí á cur ar fáil i seomraí sealadacha ranga, d’fhógair John O'Dowd, Aire, in 2013 go mbeadh foirgneamh nua de dhíth agus go ndéanfaí an Roinn Oideachais sin a sholáthar. Beidh toradh na hoibre sin ag muintir an tSratha Báin agus an cheantair máguaird i mí Mheán Fómhair 2024 nuair a bheidh scoil nua acu a riarfaidh ar riachtanais na dtuismitheoirí sin ar mian leo scoil trí Ghaeilge a bheith curtha roimh a gcuid páistí. Tá tuismitheoirí, múinteoirí agus an pobal i gcoitinne tiomanta le 26 bliana anuas le soláthar don Ghaeilge a fhorbairt ar an tSrath Bhán agus is de bharr na ndaoine sin a tháinig an tionscadal seo i gcrích. Scéal an tSratha Báin, scéal Thuaisceart na hÉireann ar mórán dóigheanna. Tá an ráchairt ar an Ghaelscolaíocht ag fás ach tá bac á chur uirthi ag an easpa cistithe don earnáil sa chóras oideachais, ní hé amháin easpa foirgneamh ach easpa sainsoláthair don dalta atá ar Ghaelscoil agus a bhfuil riachtanais speisialta oideachais air. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh an Roinn buiséad cuí leis an earnáil oideachais seo atá ag fás, ionas go mbeidh cistiú cóir, cothrom ann don Ghaelscolaíocht. Tá mé cinnte go bhfuil Gearóid Ó Dochartaigh, Gael go smior atá ar shlí na fírinne anois, agus ar ainmníodh an scoil as, tá mé cinnte de go bhfuil sé ag amharc anuas ar an méid atá bainte amach ag muintir a bhaile le 26 bliain anuas lenár dteanga dhúchais a chur chun cinn.

391 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Not flagged

Jev’s structured answers met the documented threshold for “not flagged”.

  • Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.07 (flagging needs at least 0.70; at or below 0.30 is not flagged).
  • None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
  • Assessed as legitimate policy scrutiny (0.67).
  • No identity-based framing was identified (0.95).
  • Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
  • The overall probability was at or below the not-flagging threshold.

This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.

Jev’s structured answers

Probability that each statement is true of this text (0 = no, 1 = yes). A criterion counts as met at 0.60 or above.
QuestionProbabilityMet?
Identity framing0.13No
Sectarian or communal antagonism0.02No
Cultural grievance politics0.19No
Dog-whistle messaging0.02No
Controversy escalation0.05No
Legitimate policy scrutiny0.67Yes
Overall judgement0.07At or below not-flagging threshold
Context and attribution (stance)
OptionProbability
No identity-based framing (chosen)0.95
Reports or questions it0.00
Criticises or condemns it0.00
Adopts it0.05
Subject area (top five)
SubjectProbability
Irish language, Ulster-Scots and language policy1.00
No identity-related subject0.00
Flags, emblems, symbols, names and memorials0.00
Parades, bonfires and commemorations0.00
Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies0.00

Assessed 21 October 2026 at 10:28 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reads every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification