Member's statement: Nakba
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 14 May 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Nakba
- Assembly identifier
- Official Report component 4489544
Read the official Assembly record
Text
Amárach beidh Palaistínigh ar fud an domhain ag comóradh an Nakba. Is é Nakba an focal Araibise ar thubaiste. Is é an téarma a úsáideann na Palaistínigh le cur síos ar an ghlanadh eitneach óna dtír féin in 1948, nuair a cuireadh níos mó ná 750,000 Palaistíneach as a dteach féin. Maraíodh níos mó ná 15,000 Palaistíneach ag an am sin.
Is é nakba an téarma a úsáideann siad fosta le cur síos ar an díláithriú agus ar an ghéarleanúint atá ag dul ar aghaidh i gcónaí. Cé gur éirigh leis na Síónaigh an aisling s’acu tír dhúchais Ghiúdach a bhunú sa Phalaistín in 1948, lean an glanadh eitneach agus an díláithriú ar aghaidh. Le linn an chogaidh Arabaigh-Iosraelaigh in 1967, ghabh na hIosraelaigh seilbh ar a bhí fágtha de chríocha na bPalaistíneach: Iarúsailéim Thoir, an Bruach Thiar agus Gaza. Tá seilbh acu ar na críocha úd go fóill. Is é sin an fáth a dtugar na "críocha faoi fhorghabháil" orthu. Tá a fhios againn go bhfuil na hIosraelaigh ag leanúint ar aghaigh ag tógáil lonnaíochtaí neamhdhleathacha ar thalamh a ghoid siad ó na Palaistínigh. Le bliain anuas, tá breis agus 400 Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh sa Bhuach Thiar. Mar sin de, nuair a chluinim sna meáin nár thosaigh an marú go dtí an 7 Deireadh Fómhair anuraidh, tá a fhios agam nach bhfuil ann ach bréag agus bolscaireacht. Anois tá níos mó ná 35,000 marú in Gaza, an chuid is mó acu páistí agus mná. Ach ina measc chomh maith, tá dochtúirí, iriseoirí agus oibrithe cabhrach. Tá otharlanna, scoileanna, ollscoileanna, eaglaisí agus moscanna scriosta ag na hIosraelaigh chomh maith. Is cuma le Netanyahu faoi bheatha na ndaoine in Gaza, gan trácht ar na hinstitiúidí a choinníonn daoine beo. Ach ní féidir leis na Palaistínigh uile a mharú. Níl sin ag dul a tharlú. Má tá réiteach ag dul a bheith ann, tá gá le sos cogaidh láithreach. Caithfidh na hIosraelaigh cabhair daoin a ligean isteach go Gaza agus a shaighdiúirí a tharraingt amach go hiomlán. Caithfidh deireadh a theacht ar an fhorghabháil agus, ar deireadh thiar thall, caithfidh stát neamhspleách Palaistíneach a bheith ann.
356 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.18 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
- Criteria met: Identity framing (0.67).
- The text adopts the identity-based framing in its own voice (0.43).
- Subject area: Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers.
- The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.67 | Yes |
| Sectarian or communal antagonism | 0.15 | No |
| Cultural grievance politics | 0.07 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.23 | No |
| Controversy escalation | 0.10 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.31 | No |
| Overall judgement | 0.18 | At or below not-qualifying threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing | 0.38 |
| Reports or questions it | 0.01 |
| Criticises or condemns it | 0.18 |
| Adopts it (chosen) | 0.43 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Immigration, asylum, race, ethnicity and Travellers | 0.68 |
| Another identity-related subject | 0.19 |
| Religion and belief (including people of no religion), churches, faith communities and religious prejudice (including antisemitism and anti-Muslim prejudice) | 0.08 |
| Sectarianism, hate crime and community relations | 0.04 |
| Constitutional question, Brexit, the Windsor Framework and sovereignty | 0.01 |
Assessed 21 October 2026 at 10:22 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.