Member's statement: Lá Domhanda na mBeach
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 20 May 2024
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Lá Domhanda na mBeach
- Assembly identifier
- Official Report component 4490493
Read the official Assembly record
Text
Inniu Lá Domhanda na mBeach. D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe inniu, an 20ú Bealtaine, Lá Domhanda na mBeach le daoine a chur ar an eolas faoina thábhachtaí atá an bheach, faoi na bagairtí atá uirthi agus faoi na rudaí is féidir linn uile go léir a dhéanamh le cuidiú léi. Cuireann gníomhaíochtaí an duine daonna, cuireann sin pailneoirí mar shampla an bheach, an féileacán agus an sciathán leathair i mbaol. Tá an pailniú riachtanach don bheatha, áfach. Mura mbeadh beacha ann, ní bheadh cuid mhór torthaí ná glasraí ann ach oiread agus ní bheadh 75% de bharra talmhaíochta in ann fás. Mar sin de, cuireann pailneoirí leis an tslándáil bhia agus leis an bhithéagsúlacht. Beidh a fhios ag na Comhaltaí go bhfuil trí choirceog ar eastát Chnoc an Anfa. Tá siad ann le cúig bliana anuas agus, in 2023, ainmníodh eastát Chnoc an Anfa ina limistéar caomhantáis don bheach Éireannach. Is áis iontach na coirceoga sin a bheith againn, nó tugann siad seans do Chomhaltaí, do bhaill foirne agus do chuairteoirí a bheith ag foghlaim faoin bheach, agus cuireann siad daoine a smaoineamh ar na plandaí a chuireann siad ag fás ina ngairdíní féin. Caithfimid beart a dhéanamh anois le cuidiú leis an bheach agus leis na pailneoirí eile. Tá neart rudaí simplí, praiticiúla a thig le gach aon duine a dhéanamh. Mar shampla, plandaí dúchasacha a thagann i mbláth ag amanna éagsúla den bhliain a chur sa ghairdín; an féar sa ghairdín a fhágáil gan bhaint i mí na Bealtaine; agus fiú babhla beag uisce a chur amach sa ghairdín ionas go mbeidh deoch ag na beacha. Ní tráth moille é, a Phríomh-Leas-Cheann Comhairle. Tá 35% de na beacha ar domhan i mbaol. Den bheatha an bheach. Tá traidisiún fada beachaireachta sa tír seo. Thuig ár sinsir a thábhachtaí atá an bheach. Má dhéanaimid uile go léir beart anois, fanfaidh an traidisiún sin beo go ceann i bhfad eile, agus is fearrde sinn é.
324 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.