Member's statement: Cúrsaí in Gaza/Situation in Gaza

Member's statement by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
29 April 2024
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Cúrsaí in Gaza/Situation in Gaza
Assembly identifier
Official Report component 4485757

Text

Ba mhaith liom labhairt arís ar maidin ar chúrsaí atá ag titim amach in Gaza. Is deacair a chreidiúint go bhfuil an cinedhíothú ag dul ar aghaidh go fóill, ach ar an drochuair tá. Shíl muid nach dtiocfadh le rudaí bheith níos measa, ach ansin chuala muid an tseachtain seo caite gur thángthas ar chóir a bheith 400 corp a bhí curtha faoi thalamh thart timpeall ar an dá otharlann, al-Shifa agus Nasser. Ina measc bhí páistí, mná, seandaoine, dochtúirí agus daoine eile a bhí ag obair sna hotharlanna nó a bhí ann le cóir leighis a fháil. I gcuid mhór cásanna bhí a lámha ceangailte taobh thiar dá ndroim, agus bhí fianaise ann go ndearnadh céasadh ar chuid mhór acu chomh maith. Creidtear fosta gur cuireadh cuid acu faoi thalamh agus iad go fóill beo. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil daoine ann a bheadh sásta é sin a dhéanamh, daoine nach bhfuil croí ar bith iontu agus a dtiocfadh leo cruálacht agus drochíde a thabhairt ar dhaoine eile. Ach in ainneoin na cinedhíothaithe, tá léas dóchais ann leis na hagóidí atá ar siúl i láthair na huaire in ollscoileanna fud fad Stát Aontaithe Mheiriceá. Chuirfeadh sé na seascaidí i gcuimhne duit nuair a bhí na hagóidí ag dul ar aghaidh i gcoinne an chogaidh i Vítneam. Tá míléamh ollmhór déanta ag Rialtas Iosrael. Chreid siad go dtiocfadh leo na mílte Palaistíneach a mharú gan bheith freagrach as. Ach tá dearcadh an phobail i gcoitinne ina n-aghaidh. Tá an pobal ar fud an domhain ag teacht le chéile i gcoinne an tsléachta. Ba cheart don phobal idirnáisiúnta brú a chur ar Iosrael, go háirithe na Stáit Aontaithe, an Ghearmáin agus an Bhreatain, chun stad a chur leis an slad. Caithfidh sos cogaidh a bheith ann anois. Agus má bhíonn an choimhlint seo le teacht chun deiridh caithfidh próiseas fiúntach síochána bheith ann. Ní bheidh réiteach ann go dtí go mbeidh Palaistín neamhspleách ann a bheidh saor ó ansmacht coilíneach.

331 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification