Debate contribution: Election of Speaker and Deputy Speakers
Debate contribution by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 7 December 2022
- Type
- Debate contribution
- Business
- Assembly Business
- Heading
- Election of Speaker and Deputy Speakers
- Assembly identifier
- Official Report component 4178620
Read the official Assembly record
Text
Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle. Bhéarfaidh mé seans do Chomhaltaí na cluasáin ateangaireachta a chur orthu féin. Ba mhaith liom tús a chur ar m’óráid trínár gcombhrón, ar son Bhinsí Shinn Féin agus ar son gach duine sa Tionól, a dhéanamh le clann agus le cairde Matthew McCallan, agus le gach duine a raibh aithne acu air. Tá ár smaointe lena mháthair, lena athair agus libh uilig ag an am seo. Ba mhaith liom a lua fosta, mar ghaeilgeoir, gurb é inniu an chéad lá de stádas oifigiúil an Achta Gaeilge ina dhlí. Is rud stairiúil go bhfuil an tAcht rite agus go bhfuil cosaint do gach duine a sheas an fód agus a raibh baint acu leis an fheachtas go dtí seo. Agus is mar gheall ar ráitis shuaracha amhail na ráitis ó dhaoine áirithe inniu atá gá agus tábhacht leis an Acht agus leis an dlí seo. Táimid ag caint ar chearta bunúsacha anseo, agus beidh mise, agus pobal iomlán na Gaeilge, ag coinneáil súil ghéar ar chur i bhfeidhm an dlí agus beimid ag dúil leis sin a fheiceáil a luaithe is féidir. Seo arís muid i mbéal an gheimhridh agus cóngarach don Nollaig. Arís ag teacht le chéile lenár ndícheall a dhéanamh le Ceann Comhairle a thoghadh don chúigiú huair le seacht mí i ndiaidh do dhaoine teacht amach i mí na Bealtaine le vóta a chaitheamh dúinn. D’aithin muid uilig — seachas an DUP, ar ndóigh — gur léir go mbeadh teaghlaigh agus oibrithe ag streachailt ó lá go lá le hardú an chostais maireachtála, agus is é sin go díreach an rud atá ag titim amach os ár gcomhair inniu. Tá teaghlaigh ag streachailt le billí arda fuinnimh, ag streachailt le bia a chur ar an tábla, agus ag streachailt leo san fhuacht. Tá an ghéarchéim sa chostas maireachtála ag éirí níos measa, agus níl Coiste Feidhmiúcháin ná Airí áitiúla in áit againn le tacú agus le cuidiú leis an phobal. Níl aon ábhar dóchais ann do dhaoine. Ach tá daoine sna Binsí díreach os mo chomhair amach breá sásta ligean do dhaoine — dár gcairde, dár dteaghlaigh, dár gcomharsana, dár bpobail — streachailt leo. Mo náire sibh.
An mbeidh sé i nGaeilge? Will it be in Irish?
Gheall an tAire Eacnamaíochta ón DUP arís agus arís eile go mbeadh £600 d’íochaíocht tacaíochta ag teacht do dhaoine anseo i mí na Samhna. Níl mé cinnte an raibh sé ar an eolas ag an am nach mbeadh sin ag tarlú, nó an bhfuil sé breá sásta daoine a mhíthreorú, ach seo muid ar an 7 Nollaig agus an £600 sin níos faide ó dhaoine ná a bhí riamh. Táimid ag cluinstin anois ó Rialtas na Breataine nach mbeidh sin ag titim amach go dtí an bhliain úr — b’fhéidir. Tá diúltú an DUP Tionól a bhunú le páirtithe eile ag cur bac ar an airgead sin ag dul amach ar an doras.
Is léir gur sin ionsaí eile ar an Ghaeilge. Níl mé cinnte an raibh sé ar an eolas ag an am nach mbeadh sin ag tarlú, nó an bhfuil sé breá sásta daoine a mhíthreorú, ach seo muid ar an 7 Nollaig agus an £600 sin níos faide ó dhaoine ná a bhí riamh. Táimid ag cluinstin anois ó Rialtas na Breataine nach mbeidh sin ag titim amach go dtí an bhliain úr — b’fhéidir. Tá diúltú an DUP Tionól a bhunú le páirtithe eile ag cur bac ar an airgead sin ag dul amach ar an doras. Tá an DUP ag diúltú tacaíocht, meas agus dínit a thaispeáint do dhaoine; tá siad ag diúltú go fóill glacadh le toradh an toghcháin. Ach inniu is féidir linn dóchas a thabhairt do dhaoine. Is féidir linn Ceann Comhairle a thoghadh agus Coiste Feidhmiúcháin a chur ar bun. Is féidir linn tús a chur ar an obair agus an £600 sin a chur isteach i bpócaí na ndaoine — £600 a bheadh mar líne slándála do theaghlaigh agus do oibrithe. Caithfimid freastal ar ár bpobal láithreach; caithfimid freastal ar gach duine fud fad an Tuaiscirt. Tá Sinn Féin tiomanta do bheith ag obair ar son gach duine. Táimid tiomanta fosta don cheannaireacht a thaispeáint atá de dhíth. Dúirt muid, agus táimid á rá arís, go bhfuil muid réidh le comhoibriú le páirtithe eile atá ag iarraidh sochaí fhorásach a chruthú. Tá barraíocht ama curtha amú idir Bealtaine agus an lá inniu. Ní mór don mhoill, don chleasaíocht agus do na leithscéalta stopadh anois díreach. Déanaigí an rud ceart. Toghaigí Ceann Comhairle agus ligigí dúinn dul i gceann oibre ar son an phobail anois. Go raibh maith agat.
774 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Jev’s structured answers met the documented threshold for “not qualifying”.
- Overall probability that the activity is being used to promote, exploit or escalate an identity-based controversy: 0.22 (qualifying needs at least 0.70; at or below 0.30 is not qualifying).
- None of the five culture-war criteria was met (each was below 0.60).
- Assessed as legitimate policy scrutiny (0.66).
- No identity-based framing was identified (0.59).
- Subject area: Irish language, Ulster-Scots and language policy.
- The overall probability was at or below the not-qualifying threshold.
This is an AI-generated assessment of the text, made against published criteria. It is not a finding of fact about the MLA or their intentions. The Assembly record itself is the fact.
Jev’s structured answers
| Question | Probability | Met? |
|---|---|---|
| Identity framing | 0.18 | No |
| Sectarian or communal antagonism | 0.08 | No |
| Cultural grievance politics | 0.14 | No |
| Dog-whistle messaging | 0.16 | No |
| Controversy escalation | 0.32 | No |
| Legitimate policy scrutiny | 0.66 | Yes |
| Overall judgement | 0.22 | At or below not-qualifying threshold |
| Option | Probability |
|---|---|
| No identity-based framing (chosen) | 0.59 |
| Reports or questions it | 0.01 |
| Criticises or condemns it | 0.23 |
| Adopts it | 0.17 |
| Subject | Probability |
|---|---|
| Irish language, Ulster-Scots and language policy | 1.00 |
| No identity-related subject | 0.00 |
| Flags, emblems, symbols, names and memorials | 0.00 |
| Parades, bonfires and commemorations | 0.00 |
| Sport (including the GAA), the arts and cultural bodies | 0.00 |
Assessed 21 October 2026 at 09:33 UTC by jev-1.13.0 (requested as typesafe/jev) under rubric 2026.10-r9, methodology 1.9.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.