Debate contribution: Election of Speaker and Deputy Speakers

Debate contribution by Ms Aisling Reilly on .

MLA
Ms Aisling Reilly
Party at the time
Sinn Féin
Date
13 May 2022
Type
Debate contribution
Business
Speaker's Business
Heading
Election of Speaker and Deputy Speakers
Assembly identifier
Official Report component 4140014

Text

Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle.

Just to clarify, I did indicate, but I appreciate that it was in Irish, so apologies. Thug Alex a shaol don tseirbhís phoiblí agus do ghníomhaíochtaí polaitíochta, agus tá a fhios agam go leanfaidh sin ar aghaidh san am atá romhainn. Ádh mór ort, a chara, agus ar Liz. Go raibh céad míle maith agat uainn uilig i Sinn Féin. Tá sé tábhachtach a aithint gurb é seo an chéad uair riamh a bhí Comhalta ar bith in ann óráid a thabhairt os comhair an Tionóil go huile agus go hiomlán inár dteanga dhúchais. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cur i gcuimhne nár cheart gur cuireadh cosc ar úsáid na Gaeilge ná ar úsáid na seirbhísí aistriúcháin san Fhoirgneamh seo ariamh. Ach tá cur amach againn ar fad ar stair na héadulaingthe maidir le comhionannas agus cearta teanga san áit seo. Ach is léiriú é sin ar an am atá tharainn. Anois amharcfaimid i dtreo na todhchaí. Is cóir do gach páirtí anseo amharc i dtreo na todhchaí chomh maith. Mar sin de, tá tábhacht ar leith ag baint leis an lá atá inniu ann. Tá sé tábhachtach dóibh siúd a bhfuil grá acu don teanga, an pobal céanna a leanas ar aghaidh leis an fheachtas chun aitheantas agus cosaint a bhaint amach don Ghaeilge anseo. Tá sé tábhachtach do gach aon duine sa Tionól a chreideann go bhfuil sé de dhualgas orthu ionadaíocht chuí a dhéanamh ar gach duine a bhfreastalaíonn siad orthu. Ní bagairt í an Ghaeilge ar dhuine ar bith. A mhalairt atá fíor. Ba cheart dúinn sin a cheiliúradh. Is fíor sin faoin Ghaeilge sa tSeomra seo; is fíor sin faoi Acht na Gaeilge; is fíor sin faoi chomhionnanas. Is dul chun cinn suntasach é an lá inniu ar an bhóthar i dtreo comhionannais. Tá mise ag súil, faoi choimirce an Chinn Comhairle úir, gurb ionann seo agus ré nua don pholaitíocht ó Thuaidh. Tá mé ag dúil go mór le sochaí a thógáil a chaitheann le gach saoránach le comhionannas, cothroime agus meas. Tá súil agam go bhfuil gach duine anseo réidh leis an tsochaí sin a thógáil liom.

365 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification