Debate contribution: Election of Speaker and Deputy Speakers

Debate contribution by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
30 May 2022
Type
Debate contribution
Business
Assembly Business
Heading
Election of Speaker and Deputy Speakers
Assembly identifier
Official Report component 4177717

Text

Tá sé de rún agam labhairt leis an Tionól i nGaeilge inniu. Ba mhaith liom seans gairid a thabhairt do Chomhaltaí na cluasáin ateangaireachta a chur ar a gcloigne. A Cheann Comhairle, tá beagán níos mó ná trí seachtaine ó shin, labhair formhór na ndaoine amach go láidir. Bhí ré úr polaitiúil ag teastáil uathu. Tugadh teachtaireacht shoiléir dúinn go léir: comhroinnt cumhachta chuí a athbhunú; dul i ngleic leis an ghéarchéim sa chosta maireachtála atá ag gabháil in olcas; an córas sláinte a chur ina cheart; agus seirbhísí poiblí inmharthana a chur ar fáil. Níl aon amhras ach gurb é toil ár ndaoine é go n-oibreoidh na hinstitiúidí seo ar son leas an phobail. Níl aon cheart ag an DUP, ná ag an Ord Oráisteach, cosc a chur ar an chomhroinnt cumhachta ó Thuaidh ná ar fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá seasamh an DUP meargánta, dochosanta agus mífhreagrach. Ní chuireann an prótacal bagairt ar dhream ar bith ó Thuaidh. Finnscéal atá ansin. Tá an prótacal riachtanach; tá sé anseo le fanacht. Chomh fada agus a leanann dúracht an DUP ar aghaidh, beidh teaghlaigh agus seandaoine ag fulaingt, beidh oibrithe ag streachailt, agus beidh scríos á dhéanamh ar sheirbhísí poiblí. Níl aon fháth nár cheart Ceann Comhairle, Leas-Chinn Comhairle ná Airí a ainmniú inniu. A fhad agus a leanann an DUP leis an chur chuige mhífhreagrach seo, is amhlaidh is mó an damáiste a dhéanfar. Is mar gheall air sin gur gá ceisteanna tábhachtacha a chur: an bhfuil an DUP i ndáiríribh faoin chomhroinnt cumhachta leis na páirithe eile nó nach bhfuil? An bhfuil an DUP fíor-thiomanta do Chomhaontú Aoine an Chéasta nó nach bhfuil? A fhad agus a chuirtear cosc ar an phróiseas dhaonlathach, tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil aon bhaint ag seasamh an DUP le fíor-imní faoin phrótacal. Ina ionad sin, is é a gcumhacht a chailleadh is mó atá ag cur imní orthu. Tá tromlach na gComhaltaí a toghadh don Tionól seo i bhfách le bealach forásach chuig sochaí cheart-bhunaithe, dhearfach dhóchasach. Tá ceist le freagairt ag an DUP: cé acu rogha a bhfuil siad i bhfách léi? Todhchaí fhorásach nó diúltachas agus deighilt? Tá dhá rogha os comhair an DUP, ach, a chairde, níl ach cinneadh ceart amháin.

376 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification