Debate contribution: Election of Speaker and Deputy Speakers

Debate contribution by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
27 October 2022
Type
Debate contribution
Business
Assembly Business
Heading
Election of Speaker and Deputy Speakers
Assembly identifier
Official Report component 4178203

Text

Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle. Tá mé sásta seans a bheith agam labhairt anseo inniu. Ar dtús, ba mhaith liom cúpla focal a rá ar na himeachtaí a tharla in Westminster inné. Lá cinniúnach stairiúil a bhí ann inné nuair a ritheadh reachtaíocht le haitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa stát seo. I ndiaidh blianta fada i mbun feachtas le cearta agus cosaintí faoin dlí a chinntiú don Ghaeilge, is leis na gníomhairí pobail an lá seo toisc gurb iad a bhain Acht na Gaeilge amach. Theip ar an fhrithbheartaíocht i gcoinne an chomhionannais agus na gceart. Cuireann an reachtaíocht seo leis an dá fhéiniúlacht agus leis an dá chultúr, agus is geal linn í. Tá súil agam go dtig linn tús a chur le ré nua ina mbeimid in ann ár gcultúir éagsúla, cultúir atá ar comhchéim lena chéile, a cheiliúradh agus ré ina mbeidh meas againn ar na difríochtaí atá eadrainn in áit an beag is fiú a dhéanamh díobh. Ag bogadh ar aghaidh, ba mhaith liom a rá go bhfuil súil agam gur féidir linn Ceann Comhairle nua a thoghadh inniu, agus ina dhiaidh sin Céad Aire agus leas-Chéad Aire agus na hAirí ar fad eile. Táimid i lár géarchéim eacnamaíochta inniu nár chuir mórán a leithéid díobh roimhe. Tá costas an bhia ag ardú go gasta in aghaidh an lae. Tháinig ardú fosta ar rátaí úis, agus tá a fhios againn go bhfuil tionchar díreach ag rátaí úis ar mhorgáistí. Gan chuidiú, caillfidh cuid mhór daoine a dteach cónaithe san am atá le teacht. Tá costas fuinnimh agus breosla ag ardú chomh maith. Is cinnte go bhfaghaidh daoine bás i rith an gheimhridh mar gheall ar ghanntanas bia nó teasa, nó b’fhéidir mar gheall ar an dá rud. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, tá an córas sláinte agus cúraim shóisialta faoi bhrú an-mhór; tá sé ag titim as a chéile. Is fíor go bhfuil daoine ag titim in éadóchas ag fanacht le cóir leighis sa tseirbhís sláinte; ní féidir leo coinne a fháil lena ndochtúirí fiú. Níl sé sin maith go leor. Toghadh muid uile go léir chun cuidiú le daoine, go háirithe nuair a bhéas an cineál géarchéime againn agus atá againn anois. Is léir go bhfuil ár gcuidiú de dhíth ar an phobal; tá siad tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le tuilleadh leithscéalta ón DUP faoin phrótacal. Tá siad ag iarraidh go gcuirfí Rialtas ar bun láithreach. Tá sin tuillte acu. Tá dualgas ar gach aon Chomhalta agus ar gach aon pháirtí anseo a ndícheall a dhéanamh le Ceann Comhairle agus Airí a thoghadh inniu. Bíodh sin mar atá, creidimid go bhfuil sé de rún an ag DUP an pobal a fhágáil gan chosaint ar na Tóraithe i Londain. Níl aon amhras ná go bhfuil siad ag gearradh pionóis ar an phobal. Níl an Rialtas i Sasana ag gabháil a chuidiú linn. Is Airí tofa áitiúla amháin a bhéas toilteanach tuilleadh airgid a chur i bpócaí oibrithe agus i bpócaí teaghlach agus tacú le gnólachtaí beaga; is ionadaithe áitiúla amháin a bhéas réidh le gabháil i ngleic leis na fadhbanna sa chóras sláinte. Tá Sinn Féin réidh le gabháil isteach sa Choiste Feidhmiúcháin inniu, agus tá Michelle O’Neill réidh a post mar Chéad Aire a ghlacadh. Is léir go bhfuil dúshláin mhóra romhainn uile go léir. Mar sin de, ba mhaith liom a rá leis an DUP: bígí ag obair linn; taraigí isteach sa Choiste Feidhmiúcháin linn chun saol ár muintire a fheabhsú agus an éifeacht is measa den ghéarchéim sa chóras maireachtála a laghdú. Déanaigí an rud ceart, agus déanaigí anois é. Go raibh maith agat.

609 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification