Debate contribution: Election of Speaker and Deputy Speakers

Debate contribution by Mr Declan Kearney on .

MLA
Mr Declan Kearney
Party at the time
Sinn Féin
Date
3 August 2022
Type
Debate contribution
Business
Assembly Business
Heading
Election of Speaker and Deputy Speakers
Assembly identifier
Official Report component 4178038

Text

Go raibh maith agat, a Cheann Chomhairle agus tabharfadh mé seans do na Comhaltaí a gcluasáin aistirúcháin a chur ar a gcloigeann. Le linn na diospóireachta deiridh anseo, thuar mé dá fhad a leanfadh an DUP leis an chur chuige méarganta seo is ea is mó damáiste eacnamaíochta agus polaitíochta a dhéanfaí. Agus is amhlaidh mar atá cúrsaí á léiriú anois. Tá boilsciú ag dul in airde ag luas nach bhfacthas le breis agus daichead bliain – agus leoga, tá níos measa le teacht. San am i láthair, tá oibrithe agus teaghlaigh ag fulaingt agus ag streachailt lena gcuid billí a íoc. Tá laghdú 3·7% ar an mheán ar thuarastal oibrithe ó mhí na Bealtaine. Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an ghéarchéim costais maireachtála seo ag dul i dtreo cúlú eacnamaíochta. Tá níos mó bruanna ar na seirbhisí poiblí s’againn, toisc nach bhfuil buiséid inbhuanaithe ar fáil dóibh. Chuir mé dhá cheist shuntasacha ar Chomhaltaí an DUP an t-am deireanach sin. An bhfuil siad dáiríre faoi chomhroinnt cumhachta leis na páirtithe eile sa tionól; agus an bhfuil siad fíorthiománta do chur i gcrích Chomhaontú Aoine an Chéasta ina iomlán? Tá freagraí ar na ceisteanna sin á nochtadh anois de réir a chéile. Is léir do chách gur cuma sa tsioc leis an DUP faoin ghnáthdhuine. Deich mí ó shin, bhain an DUP an bonn den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Sé mhí ó shin, tharraing an DUP anuas an Feidhmneannas comhroinnte cumhachta é féin. Agus, an mhí seo a chuaigh thart, theip ar Airí an DUP freastal ar Chomhairle na Breataine-na hÉireann. Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil an DUP i bhfách leis an chomhroinnt chumachta, mura bhfuil an DUP féin ag dul a bheith ar thús cadhnaíochta go huile is go hiomlán. Agus is mar gheall ar sin, a Cheann Chomhairle, atá an DUP agus a gcairde sna Tóraíthe ag déanamh a seacht ndícheall bonnchlocha Chomhaontú Aoine an Chéasta a scrios. Níl baint ar bith ag an neamhord polaitíochta seo le heasaontas ar an Phrótacal, is amhlaidh a bhaineann sé go hiomlán le cailiúint chumacht agus thionchar an DUP mar pháirtí. Dá mba rud é gur mhiste leis an DUP ar chor ar bith, ba cheart go mbeadh a fhios acu nach bhfuil ciall dá laghad leis an chur chuige seo. Tá ag teip ar Chomhaltaí an DUP ina bhfeagracht don phobal i gcoitinne. Níl an dara rogha ach Feidhmeannas nua a chur ar bhun agus freastal ar riachtanais ár bpobal. Tá Sinn Fein tiománta oibriú ar son gach saoránaigh; agus an cheannaireacht atá de dhíth a sholáthar. Déanfaidh muid amhlaidh le páirtithe eile atá ag iarraidh sochaí fhorásach a chruthú. Cibé rud a tharlóidh san am atá romhainn – ní mór duine, muidne atá tiománta do phróiseas na síochana, seasamh le chéile agus an fód a sheasamh ar son leas an phobail sna Sé Chontae. Tá barraíocht ama curtha amú. Ní mór deireadh a chur leis na leithscéalta gan bhunús, agus na bréaga atá á rá. Tá sé in am anois Ceann Comhairle, agus Céad agus Leas-Chéad Airí a ainmniú agus an Tionól seo a chur ag obair arís – sin atá de dhíth ar ár ndaoine – chan a thuilleadh cleasaíocht náireach ón DUP.

541 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification