Member's statement: An Ghaeilge: Dualgas Aire
Member's statement by Mr Colm Gildernew on .
- MLA
- Mr Colm Gildernew
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 22 September 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- An Ghaeilge: Dualgas Aire
- Assembly identifier
- Official Report component 5739136
Read the official Assembly record
Text
Is léir dúinn gur beag muinín atá ag na daoine as an Aire Pobal i dtaca le cuid mhór ceisteanna. Tá sin ríshoiléir ó bheith ag amharc ar a bhfuil déanta aige don Ghaeilge. Thug Conradh na Gaeilge an tríú hathbhreithniú breithiúnach i gcoinne an Choiste Feidhmiúcháin le linn an tsamhraidh. Is é an tuairim a thug an Ard-Chúirt — don tríú huair — go bhfuil an Coiste Feidhmiúcháin ag sárú an dualgais de réir dlí atá orthu glacadh le straitéis Ghaeilge. Tá dualgas de réir dlí ar an Aire Pobal straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach go ndéana an Coiste Feidhmiúcháin a breathnú, agus d’fheall air sin a dhéanamh. Tá cúpla ceist ar leith atá ina néal os cionn an Aire chéanna, amhail an mhoilleadóireacht aige i dtaca le straitéis Ghaeilge, an chaingean dlí aige i gcoinne comharthaíocht dhátheangach in Ardstásiún Bhéal Feirste agus an easpa gnímh aige faoin straitéis frithbhochtaineachta. Tá plean difriúil ag an Aire Pobal don Ghaeilge: plean le cosc a chur ar fhorbairt na Gaeilge agus ar fhás leanúnach na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Tá sé de rún ag an Aire an bonn a bhaint ón Ghaeilge agus ionsaí a dhéanamh uirthi gach ré sholais. Is léir sin don tsaol. Ach ní éireoidh leis an Aire. Tá an Ghaeilge faoi bhláth, agus tiocfaidh rath agus bláth uirthi go fóill mar gheall ar na daoine sin a bhfuil grá agus meas acu don teanga agus atá ag obair go dúthrachtach ar a son. Níor chóir eagla bheith ar dhuine ar bith roimh an Ghaeilge. Mar sin de, iarraim ar an Aire Pobal ligean as bheith ag cur in aghaidh na Gaeilge. Iarraim air straitéis Ghaeilge a thabhairt faoi bhráid an Choiste Feidhmiúcháin gan a thuilleadh moille.
291 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.