Member's statement: Scrúduithe Gaeilge agus Oideachas trí mheán na Gaeilge

Member's statement by Mr Pat Sheehan on .

MLA
Mr Pat Sheehan
Party at the time
Sinn Féin
Date
8 September 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Scrúduithe Gaeilge agus Oideachas trí mheán na Gaeilge
Assembly identifier
Official Report component 5673746

Text

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daltaí go léir a fuair a gcuid torthaí TGMO agus Ardleibhéil tá cúpla seachtain ó shin. Tá siad beagnach réidh le blianta an dianstaidéir agus na dúthrachta agus iad anois ag dul i gceann aistear nua sa tsaol, bíodh sin trí oiliúint ghairmiúil, oideachas breise nó tabhairt faoi shaol na hoibre. Ba mhaith liom aird ar leith a tharraingt ar an mhéadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar. Bhí méadú 35% ar líon na ndaltaí a rinne Ardleibhéal sa Ghaeilge i mbliana, sin 375 iontráil Ardleibhéil i gcomparáid le 287 n-iontráil anuraidh. Fuair níos mó ná leath na scoláirí a rinne Ardleibhéal sa Ghaeilge, fuair sin grád A nó grád A-réalta. Chomh maith leis sin, rinne breis agus 1,700 dálta TGMO sa Ghaeilge. Is sa Ghaeilge is mó a bhaintear amach an pasráta i measc daltaí nuatheangacha. Molaim na múinteoirí agus na daltaí as an tiomantas agus as an staidéar is siocair le torthaí comh maith sin a bhaint amach. Is léir ó na figiúirí sin go bhfuil daoine óga spreagtha, go bhfuil suim sa Ghaeilge acu agus go bhfuil fonn orthu a ndúthracht a chaitheamh lenár dteanga dhuchais. Tá freagracht agus dualgas orainn, mar reachtóirí, tacú leis an fhás sin agus a chinntiú go bhfuil an córas oideachais ábalta freastal ar an éileamh seo atá ag dul i méad. Sin an fáth ar thug mé isteach an Bille um Oideachas trí mheán na Gaeilge (Plean don Lucht Oibre). Má achtaítear an Bille, cuirfear dualgas de réir dlí ar an Roinn Oideachais Plean don Lucht Oibre a chur i bhfeidhm don Ghaeloideachas. Theip ar Airí Oideachais ón DUP duine i ndiaidh an duine eile acu, earcaíocht foirne a phleanáil mar fhreagairt ar an fhás san earnáil. Má achtaítear an Bille um Oideachas trí mheán na Gaeilge (Plean don Lucht Oibre) cuirfear de dhualgas ar an Roinn plean lucht oibre a chur i bhfeidhm taobh istigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm don reachtaíocht. Cuideoidh sin le dul i ngleic leis an earcaíocht, le coinneáil foirne agus le riar ar riachtanais an lucht oibre amach anseo. Ní mór dúinn cos a choinneáil le huaillmhian an aosa óig leis an infheistíocht cheart, le pleanáil cheart lucht oibre agus le tacaíocht leanúnach polaitíochta. Tá an earnáil ag fás agus is iad na daoine óga atá ag stiúradh an fháis sin.

403 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification