Debate contribution: Fleadh Cheoil na hÉireann

Debate contribution by Ms Aisling Reilly on .

MLA
Ms Aisling Reilly
Party at the time
Sinn Féin
Date
14 September 2026
Type
Debate contribution
Business
Opposition Business
Heading
Fleadh Cheoil na hÉireann
Assembly identifier
Official Report component 5685950

Text

As with my Member's statement on the fleadh last week, my remarks will be as Gaeilge

Ba mhaith liom, ar dtús, buíochas a ghabháil leis an SDLP as an rún seo a chur faoi bhráid an Tí inniu le gur féidir linn uile labhairt ar an fhleadh agus ar an dearfacht agus an maitheas a ghabh leis an fleadh agus í anseo i mBéal Feirste. Mar a dúradh cheana féin, ní ar dhroim na gaoithe a tháinig an fhleadh. Blianta fada oibre a bhí i gceist le Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste, agus tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do na daoine uile as an obair sin. Bhí ról lárnach, mar a dúradh, ag brinse na hAirde de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, ag oifigigh agus foireann na Comhairle, ag Ranna an Choiste Feidhmiúcháin, agus ag ár ngníomhaireachtaí agus ár gcomhpháirtithe. Agus níos tábhachtaí ná sin, bhí ról lárnach ag na hoibrithe túslíne agus ag na céadta oibrithe deonacha a bhí ar fud na cathrach ó cheann ceann na seachtaine. Iadsan a chuir fáilte roimh na cuairteoirí agus a thug na treoracha amach; iadsan a stiúir lucht na fleidhe agus a chinntigh go raibh na cuairteoirí ag baint sult as an tseachtain. Tá buíochas ollmhór tuillte acu uile. Tugaim aitheantas ar leith do Róis Máire Donnelly, Ardmhéara na cathrach. Ambasadóir den chéad scoth do Bhéal Feirste a bhí inti i rith na fleidhe. Tá a fhios agam cé chomh bródúil agus a bhí sí ag cur fáilte roimh dhaoine as gach cearn d’Éirinn agus i bhfad níos faide i gcéin chuig ár gcathair. Agus nach iontach an chathair í? Ba í an fhleadh ba mhó riamh í. Bhí na sráideanna plódaithe le daoine, bhí na hóstáin, na tithe tábhairne, na bialanna agus na gnólachtaí uile iontach gnóthach, agus tháinig na céadta mílte cuairteoirí isteach chuici gach lá. Is cinnte go raibh rath cultúrtha uirthi, mar fhleadh, ach rath eacnamaíochta a bhí ann do Bhéal Feirste agus don réigiún thart timpeall air chomh maith. Ba léir do lucht na Fléidhe an t-athrach ollmhór atá ar Bhéal Feirste. Bhí réamhthuairim ag daoine ar Bhéal Feirste riamh anall de dheasca stair na cathrach. Bhí deis againn Béal Feirste an lae inniu a chur ina láthair le linn na fleidhe. Nuair a bhíonn muinín againn as ár gcultúr, agus an cultúr sin a thabhairt isteach go lár na cathrach, is é rud a thagann as ná fleadh den scoth. D’éirigh leis an fhleadh toisc an pháirtíocht a bheith ann: ní fleadh go cur le chéile. Tá deis eile againn é a dhéanamh arís in 2027. Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar gach uile ghné d’fhleadh na bliana seo - bheith ionraic agus amharc ar na rudaí maithe agus ar na rudaí ar féidir snas a chur orthu - le fleadh na bliana seo chugainn a dhéanamh níos mó agus níos fearr arís. Tá daoine ag iarraidh tuilleadh. Tá siad ag dúil leis na mothúcháin agus na radharcanna a bhí ann an tseachtain sin a bheith acu arís. Tuilleadh infheistíochta sna healaíona agus sa chultúr againn. Tuilleadh deiseanna do na daoine óga. Agus tuilleadh deiseanna le teacht le chéile agus muid féin uile a cheiliúradh. Léirigh muintir Bhéal Feirste cad é is féidir a dhéanamh. Anois, níl le déanamh anois ach cur leis sin.

557 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification