Member's statement: 'NAZA'
Member's statement by Mr Pat Sheehan on .
- MLA
- Mr Pat Sheehan
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 14 September 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- 'NAZA'
- Assembly identifier
- Official Report component 5685287
Read the official Assembly record
Text
Sciurdann éan as gach ealta agus is fíor sin i gcás Yuval Abraham agus Rachel Szor, beirt iriseoirí as Iosrael. Rinneadh scannán de chuid na beirte sin a léiriú den chéad uair ag Féile Scannán na Veinéise an tseachtain seo caite. ‘NAZA’ an teideal atá ar an scannán acu. Baineann ceannairí míleata in Iosrael úsáid as an téarma NAZA le cur síos ar líon na sibhialtach a mharóidh siad ina gcuid ionsaí míleata. Féadann ráta an NAZA sin bheith thart ar 20 duine i ngach ionsaí, nó líon is scaoilte ná sin, má tá siad ag iarraidh sráidbhaile iomlán a scriosadh. Is minic a leabhair mé sa Teach ar an chinedhíothú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza. Is minic a luaigh mé Jews for Justice for Palestine, agus is minic a mhol mé do na Comhaltaí sa Teach seo a bheith ag léamh na dtuairiscí atá ag an ghrúpa Iosraelach do chearta an duine B’Tselem. Ach ní haon tuairisc ó ghrúpa do cearta an duine é seo, ach scannán atá bunaithe, go huile is go hiomlán, ar agallaimh le saighdiúirí agus le hoifigigh faisnéise in arm Iosrael. Agus ní chuireann siad fiacail ann: "Rinneadh ár coiteann," arsa oifigeach Iosraelach amháin sa scannán. Is furasta sin a chreidbheáil, nó mharaigh na hIosraelaigh breis agus 73,000 Palaistíneach san ár seo. Déanann na hoifigigh faisnéise cur síos sa scannán ar an dóigh a n-úsáideann siad an intleacht shaorga le teacht ar na Palaistínigh atá le marú. Bailíonn an intleacht shaorga sonraí ó ghutháin phóca in Gaza. Is leor teachtaireacht ó pháiste á rá, "Tá daidí sa bhaile", is leor sin le haer-ruathar a chur ar obair. Déanann saighdiúirí Iosraelacha cur síos sa scannán ar na limistéir le seachaint thart ar na háiteanna a mbíonn cabhair dhaonnúil á tabhairt amach. Ní chuireann na hIosraelaigh na limistéir sin in iúl do na Palaistínigh, áfach ach scaoileann siad na Palaistínigh a théann isteach iontu agus iad ar lorg cabhrach. Mar a dúirt saighdiúir Iosraelach sa scannán, "Cheannaigh siad an chiall sin lena gcuid fola". Is furasta sin a chreidbheáil fosta, nó, dar leis na Náisiúin Aontaithe gur mharaigh na hIosraelaigh 400 Palaistíneach a bhí ar lorg cabhrach. Níl leithscéal ag duine ar bith as bheith dall ar an chinedhíothú atá ar obair in Gaza. Tá an t-eolas ar an chinedhíothú sin á chur ar ár súile dúinn ag Jews for Justice for Palestine, ag B’Tselem agus ag iriseoirí cróga as Iosrael. Bíodh sin mar atá, tá an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus barraíocht tíortha eile ina dtost faoin ár go fóill.
Mar a dúirt Yuval Abraham agus Rachel Szor, "fúinn féin uilig atá sé an tost sin a bhriseadh".
444 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.