Member's statement: Fleadh Cheoil na hÉireann
Member's statement by Ms Aisling Reilly on .
- MLA
- Ms Aisling Reilly
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 7 September 2026
- Type
- Member's statement (made as a minister)
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Fleadh Cheoil na hÉireann
- Assembly identifier
- Official Report component 5669657
Read the official Assembly record
Text
My statement will be in Irish. Members may wish to put on their headphones.
Tá sé cothrom agus simplí a rá go bhfuil sé soiléir, i mbliana, go bhfuil Béal Feirste anois i gcroílár shaol cultúrtha agus Gaeilge na hÉireann: d’éirigh go hiontach le hOireachtas na Samhna ar an bhliain seo caite; bhí ard-fheis Chonradh na Gaeilge againn anseo sa chathair; agus, ar ndóigh, ceann de na buaicphointí i mbliana, gur tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste. Ba í an fhleadh ba mhó riamh í. Tháinig 1·6 milliún duine go Béal Feirste. Sin 1.6 milliún duine a bhí ag baint sult as an cheol, as an teanga, as an chultúr agus as an chathair s’againn. Bhí sin iontach speisialta agamsa. Thug sé deis dúinn Béal Feirste a thaispeáint don domhan: cathair atá athraithe go mór, cathair atá muiníneach aisti féin agus cathair atá bródúil as a cultúr, as a teanga, agus as a muintir. Ar ndóigh, bhí tionchar ollmhór eacnamaíochta ag an fhleadh: bhí na hóstáin, caiféanna, tithe tábhairne, agus na bialanna uile lán, agus bhí na sráideanna dubh le daoine ó cheann ceann na seachtaine. Ach domsa, bhí rud níos tábhachtaí ná na figiúirí sin ann, ba é sin an t-atmaisféar a bhí sa chathair agus na mílte daoine ag teacht le chéile: teaghlaigh, daoine óga, ceoltóirí agus cuairteoirí as gach cearn den oileán agus níos faide i gcéin. Bhí áit ann do gach uile dhuine acu. Sin an cineál cathrach atáimid ag iarraidh a thógáil, cathair atá oscailte, cathair atá fáilteach agus cathair ina bhfuil meas ar gach duine agus ar gach traidisiún. Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a rinne an fhleadh chomh speisialta sin. Má bhí fleadh 2026 mór, tá mé cinnte gur féidir linn fleadh níos mó agus níos fearr arís bheith againn nuair a fhillfidh sí ar Bhéal Feirste ar an bhliain seo chugainn. Beidh mise iontach bródúil bheith i mo chuid den scaifte sin arís.
325 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.