Member's statement: Seachtain Shláinte na bhFear
Member's statement by Mr Maolíosa McHugh on .
- MLA
- Mr Maolíosa McHugh
- Party at the time
- Sinn Féin
- Date
- 23 June 2026
- Type
- Member's statement
- Business
- Members' Statements
- Heading
- Seachtain Shláinte na bhFear
- Assembly identifier
- Official Report component 5636733
Read the official Assembly record
Text
Tháinig deireadh le Seachtain Shláinte na bhFear ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart, ar Lá na nAithreacha. Is cuí gur le linn Sheachtain Shláinte na bhFear a thit Lá na nAithreacha, nó is minic a shíleann na fir nach bhfuil an dara rogha acu ach saighdiúireacht a dhéanamh. Ach, le fírinne, nuair atáimid ag tabhairt aire dúinn féin, táimid ag tabhairt aire do na daoine sin atá thart orainn, do na daoine sin atá ag brath orainn agus do na daoine sin atá i dtuilleamaí orainn. Ba é téama Sheachtain Shláinte na bhFear i mbliana ná "Céim ar Chéim – Forbairt, Ní Foirfeacht". Tá céimeanna beaga ann is féidir linn uilig a ghlacadh lenár sláinte a fheabhsú: scrúdú sláinte a chur in áirithe leis an dochtúir; bheith ag labhairt go hoscailte faoin mheabhairshláinte; páirt a ghlacadh i mbothán na bhfear nó i ngrúpa siúlóide; nó bheith páirteach in aclaíocht eile. Cuireann siad uilig feabhas ar an tsláinte. Má ghlacann muid an t-am le haire a thabhairt dúinn féin anois, tabharfaidh sé níos mó ama dúinn sa todhchaí. Is le linn gnáthscrúdú sláinte a d’fhoghlaim mé féin go raibh an leibhéal iarainn i mo chuid fola ard. Deimhníodh gur haemacrómatóis a bhí ann. Is galar oidhreachta í haemacrómatóis, agus cé go gcuirfeadh fuaim an fhocail scanradh ar dhuine, is féidir í a chóireáil trí fhuil a tharraingt go rialta - cosúil le deonú fola. Is le linn cuairt chuig an dochtúir a d’fhoghlaim mé go raibh galar orm a rachadh go mór faoi mo shláinte dá bhfágfaí gan cóireáil é. Ba é sin an chéad chéim. Ná fanaimis go Seachtain Shláinte na bhFear leis an chéad chéim a ghlacadh. Ach is lena linn ba chóir dúinn na céimeanna breise a ghlacadh le feabhas a chur ar ár sláinte.
299 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.
Assessment
Awaiting analysis
This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.
Disagree with this assessment?
Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.