Member's statement: Seachtain na gCúramóirí 2026

Member's statement by Mr Colm Gildernew on .

MLA
Mr Colm Gildernew
Party at the time
Sinn Féin
Date
9 June 2026
Type
Member's statement
Business
Members' Statements
Heading
Seachtain na gCúramóirí 2026
Assembly identifier
Official Report component 5601500

Text

Mar a dúirt cúpla Comhalta, seo í Seachtain na gCúramóirí, seachtain a dtugtar deis dúinn lena linn ár machnamh a dhéanamh ar obair na gcúramóirí, bíodh sin mar ghairm bheatha nó mar dhualgas morálta do bhall teaghlaigh, do chara nó do chomharsa. De réir dhaonáireamh 2021, tugann níos mó ná 220,000 duine cúram neamhíoctha sa Tuaisceart. Tá sin thart ar dhuine as gach ochtar. Is daoine iad sin a thugann cúram cionn is go bhfuil feidhm leis, nó cionn is go bhfuil duine ag brath air. Ba chóir tacú lena bhfiúntas; ba chóir aitheantas agus urraim a thabhairt dó. An té atá ag obair mar chúramóir neamhíoctha, féadann sin bheith ina bhac mór air fostaíocht a fháil. Más fíor do Carers NI, d’fhág duine as gach triúr a chuid oibre le cúram a thabhairt do dhuine eile. Ó tharla sin amhlaidh, tá súil agam go gcuirfear Bille na ‘bpost maith’ faoi bhráid an Tí le go rithfear agus go gcuirfear chun feidhme é, nó cuirfidh a chuid forálacha saoire neamhíoctha ar fáil do chúramóirí, déanfaidh siad an rochtain ar obair sholúbtha níos fusa ag cúramóirí, agus athróidh siad an chothromaíocht oibre agus saoil le cuidiú le teaghlaigh atá ag obair. Molaim Caoimhe Archibald, Aire Geilleagair, agus an Roinn Geilleagair as an Bhille sin a fhorbairt agus as éisteacht leis na cúramóirí agus a ngrúpaí abhcóideachta lena chinntiú go gcuirfear forálacha sa Bhille le tacú leo. Mar sin de, agus Seachtain seo na gCúramóirí ann, gabhaim buíochas leis na cúramóirí, agus deirim le Comhaltaí gur chóir dúinn a gceart a thabhairt do chúramóirí agus Bille na ‘bpost maith’ a rith.

269 words. Text as published by the Northern Ireland Assembly.

Assessment

Awaiting analysis

This record has not been analysed yet. It is not counted in any total until it has been assessed.

Disagree with this assessment?

Classifications can be challenged. A person reviews every challenge, and any change is recorded publicly above with its reason.

Challenge this classification